Éagosúil le fáthach prásach na Greige,
le géaga cloiteacha ag síneadh ó thír go tír;
anseo ag geataí nite na farraige ag luí na gréine
seasóidh bean chalma le toirse
bladhaire le tintreach i mbráighdeanas,
Máthair na ndeoraí an tainm atá uirthi.
Óna láimh lochrann soilsíonn fáilte dhomhanda
a súile séimh ag amharc amach os cionn an chuain
le droichead aeir idir dhá cháthair thar cuan
“Coinnigí, a sheanthíortha bhur seamanais finscéalacha”
scairteann si le beola ina dtost
“Tabhairigí dom bhur gcuid bochtán thraochta,
na sluaite plódaithe le chéile,
ag truachán le hanálú faoi shaoirse,
bhur ndrámhaíl ainnis bhur gcládaigh dúlíonach,
Cuirigí chugam iadsan atá craithte ag an doineann,
Tógaim mo lochrann in aice an dorais órga!”